Cripil Inis Meáin ag gluaiseacht go hÁras Inis Gluaire

Beidh Cripil Inis Meáin á léiriú in Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigheo, Dé Máirt an 21ú Iúil, ag 8.30i.n. I934. Tá scannán Robert Flaherty, Man of Aran, atá á dhéanamh ar Inis Mór, an áit a bhfuil sé suite ag cur iontais ar mhuintir Inis Meáin.


Tapaíonn an 'Cripil' Billí Claven a dheis éalú óna dhá aint atá ag coinneáil súil ghéar air, Kate agus Eilín, lena shaoirse a bhaint amach. Téann sé go hInis Mór ag tóraíocht clú agus cáil le cúnamh ón iascaire Bobby Bhobby in éineacht le cailín báire na dúiche, Helen agus a deartháir Beairtlín, a bhfuil dúil mhór aige i milseáin.

Idir an dá linn, is breá leis an bhfear beadáin Johnny Pheaitín Mhaidhc an deis cainte atá aige agus mearbhall ar mhuintir an oileáin faoi eachtraí an cheathrair agus imní orthu an mbeidh  an 'cripil', Billí, in  ann déanamh dó féin sa saol mór.

Is é Mícheál Ó Conghaile a d'aistrigh an dráma dorcha seo go Gaeilge agus is é Beartla M. Ó Flatharta atá ag déanamh an chéad léirithe riamh de. Baineann pearsantacht láidir agus domhain le carachtair Mhartin McDonagh.

Is taispeántas casta, gasta, greannmhar é seo a choinneoidh an lucht éisteachta faoi dhraíocht de bharr a spraoi agus an spleodar atá faoi.

Tá aisteoirí mór le rá rannpháirteach ann ina measc: Bríd Ní Neachtain, Darach Ó Dubháin, Bridie Ní Churraoin, Mícheál Seoighe, Mícheál Ó Dubhghaill, Brídín Nic Dhonncha, Seán Ó Flatharta, Breandan Murray agus Áine Ní Dhroighneáin. Dearadh Stáitse - Dara McGee agus Dearadh na Soilse ó John Comiskey.

Is é Máirtín O'Connor a chum an ceol agus is é Conor McBrierty atá i mbun Dearadh Fuaime.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus ticéid a chur in áirithe ag Áras Inis Gluaire (097-81079), nó téigh chuig suíomh idirlíon na féile: www.feileiorras.org

Recent Entries

Celebrating Tim Robinson
By Richard MarshI've always loved maps.  I can't think about travelling or a new place without a map, not always…
Cottage
"The time had come for him to set out on his journey westward. . . ."
Photo: Leonard DoyleExtract: JOHN JEREMIAH SULLIVAN New York Times Published: February 10, 2012 He was blind in one eye and…
Separated at Birth, the Burren and the Aran Islands
The Burren, a rocky wilderness in western Ireland, is a region of ancient magic and infinite strangeness The cliffs…
Stones of Aran, a NY Review of books "masterpiece"
Stones of Aran: Pilgrimage (New York Review Books Classics) by Tim Robinson">Stones of Aran: Pilgrimage (New York Review Books…
Inis Meáin, through the peephole, 1973
Inis Meáin, Aran Islands, Ireland. 1973 from Brendan F. on Vimeo.A short film on life in Inishmaan (Inis Meáin) in…
Inis Meáin, Aran Islands, Ireland 1973
Aileen's is the perfect wave
LORNA SIGGINS, Marine Correspondent The Irish TimesIT IS a magnet for surfers, a nightmare for rescue agencies, and now it…
At last the west awakes to broadband
Dún Aonghasa on Inis Mór in the Aran Islands. The islands have already been covered by the National Broadband Scheme,…
Turning Green With Literacy...Why should we celebrate the Irish?
Op-Ed Contributor"Well, the heart's a wonder," says Pegeen Mike in John Millington Synge's comedy "The Playboy of the Western World."…
How Many "Greats" in Obama's Irish Grandfather?
President Barack Obama walks with Ireland's Prime Minister Brian Cowen and House Speaker Nancy Pelosi of Calif., after a…
St. Patrick's Day With the Irish and the Jews
Above, Mick Maloney's new album recreates music from the nearly forgotten era of collaboration between Jewish and Irish songwriters in pre-World War…