Cripil Inis Meáin le Martin McDonagh

| 0 Comments

Aistrithe ag Micheál Ó Conghaile & faoi Stiúir ag Beartla M. Ó Flatharta

Láthair:     Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigheo.
Dáta:        Dé Máirt 21ú Iúil 2009
Ám:          8.30pm
Ticéidí:      €10


I934. Tá scannán Robert Flaherty, Man of Aran, atá á dhéanamh ar Inis Mór, an áit a bhfuil sé suite ag cur iontais ar mhuintir Inis Meáin. Tapaíonn an 'Cripil' Billí Claven a dheis éalú óna dhá aint atá ag coinneáil súil ghéar air, Kate agus Eilín, lena shaoirse a bhaint amach. Téann sé go hInis Mór ag tóraíocht clú agus cáil le cúnamh ón iascaire Bobby Bhobby in éineacht le cailín báire na dúiche, Helen agus a deartháir Beairtlín, a bhfuil dúil mhór aige i milseáin.

Idir an dá linn, is breá leis an bhfear beadáin Johnny Pheaitín Mhaidhc an deis cainte atá aige agus mearbhall ar mhuintir an oileáin faoi eachtraí an cheathrair agus imní orthu an mbeidh  an 'cripil', Billí, in  ann déanamh dó féin sa saol mór.

Is é Mícheál Ó Conghaile a d'aistrigh an dráma dorcha seo go Gaeilge agus is é Beartla M. Ó Flatharta atá ag déanamh an chéad léirithe riamh de. Baineann pearsantacht láidir agus domhain le carachtair Mhartin McDonagh. Is taispeántas casta, gasta, greannmhar é seo a choinneoidh an lucht éisteachta faoi dhraíocht de bharr a spraoi agus an spleodar atá faoi. Tá aisteoirí mór le rá rannpháirteach ann ina measc: Bríd Ní Neachtain, Darach Ó Dubháin, Bridie Ní Churraoin, Mícheál Seoighe, Mícheál Ó Dubhghaill, Brídín Nic Dhonncha, Seán Ó Flatharta, Breandan Murray agus Áine Ní Dhroighneáin. Dearadh Stáitse - Dara McGee agus Dearadh na Soilse ó John Comiskey. Is é Máirtín O'Connor a chum an ceol agus is é Conor McBrierty atá i mbun Dearadh Fuaime.

Beidh Cripil Inis Meáin á léiriú in Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigheo, Dé Máirt an 21ú Iúil, ag 8.30i.n. Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus ticéid a chur in áirithe ag Áras Inis Gluaire (097-81079), nó téigh chuig suíomh idirlíon na féile: www.feileiorras.org


Áirithintí: Áras Inis Gluaire (097) 81079

Leave a comment

Recent Entries

 This is the tenth anniversary event and we are exited to announce this years participants.  There are two new…
The Craiceann Summerschool 2010 takes place from 21st to 25th June 2010
 This is the tenth anniversary event and we are exited to announce this years participants.  There are two new teachers…
Postaer don chéad Fhéile Phléaráca Chonamara i 1991
Hat Tip Pléaráca Teo "Tá Pléaráca ag forbairt glór, ról agus páirtíocht an phobail Ghaeltachta tríd na healaíona agus…
Headwinds for seaplane to Aran
A SEAPLANE company planning to launch a seaplane service on the Shannon, which will take tourists to the Aran Islands, has…
The Whale Man and the Kayak
Nature photographer Duncan Murrell has amazed people around the world with his close-up images of humpbacked whales. Duncan's fearless…
"Three Men" go to the Aran Isands
Actors Griff Rhys Jones, Dara O'Briain and Rory McGrath continue their voyages across Ireland via canal and river as the…
Inis "Iron" Méain, the movie
They're back: Inis "Iron" Méain 10k race scheduled for 23 Jan…
Stoned Dog Goes Wild on Inis Oirr
On Inis Oírr a dog considers a swim but decides it's a bit on the wild side…
87 years ago the MV Rose pulled into Kilronan with Capt O'Connolly's stolen treasure ...is this another scam?
Ireland's biggest treasure hunt is apparently here - say the promoters of this online game who tell us that 87…
Inis "Iron" Meáin Reloaded! Sign up for the rescheduled 10k
Due to the stormy weather conditions, the Inis "Iron" Meáin race has been rescheduled for Saturday the 23rd of January…
A winter note from stormy Inis Meáin
By Inis Meáin Restaurant & Suites In October we slaughtered our two pigs so we're busy experimenting with, and…
Aran's first green roof in centuries starts to bloom
                                                                     Beautiful yet rugged, the Pabshsaer Barr Aille,…