Beidh Cripil Inis Meáin á léiriú in Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigheo, Dé Máirt an 21ú Iúil, ag 8.30i.n. I934. Tá scannán Robert Flaherty, Man of Aran, atá á dhéanamh ar Inis Mór, an áit a bhfuil sé suite ag cur iontais ar mhuintir Inis Meáin.
Tapaíonn an 'Cripil' Billí Claven a dheis éalú
óna dhá aint atá ag coinneáil súil ghéar air, Kate agus Eilín, lena
shaoirse a bhaint amach. Téann sé go hInis Mór ag tóraíocht clú agus
cáil le cúnamh ón iascaire Bobby Bhobby in éineacht le cailín báire na
dúiche, Helen agus a deartháir Beairtlín, a bhfuil dúil mhór aige i
milseáin.
Idir an dá linn, is breá leis an bhfear beadáin Johnny Pheaitín Mhaidhc
an deis cainte atá aige agus mearbhall ar mhuintir an oileáin faoi
eachtraí an cheathrair agus imní orthu an mbeidh an 'cripil', Billí,
in ann déanamh dó féin sa saol mór.
Is é Mícheál Ó Conghaile a d'aistrigh an dráma dorcha seo go Gaeilge
agus is é Beartla M. Ó Flatharta atá ag déanamh an chéad léirithe riamh
de. Baineann pearsantacht láidir agus domhain le carachtair Mhartin
McDonagh.
Is taispeántas casta, gasta, greannmhar é seo a choinneoidh an lucht
éisteachta faoi dhraíocht de bharr a spraoi agus an spleodar atá faoi.
Tá aisteoirí mór le rá rannpháirteach ann ina measc: Bríd Ní Neachtain,
Darach Ó Dubháin, Bridie Ní Churraoin, Mícheál Seoighe, Mícheál Ó
Dubhghaill, Brídín Nic Dhonncha, Seán Ó Flatharta, Breandan Murray agus
Áine Ní Dhroighneáin. Dearadh Stáitse - Dara McGee agus Dearadh na
Soilse ó John Comiskey.
Is é Máirtín O'Connor a chum an ceol agus is é Conor McBrierty atá i mbun Dearadh Fuaime.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus ticéid a chur in áirithe ag
Áras Inis Gluaire (097-81079), nó téigh chuig suíomh idirlíon na féile:
www.feileiorras.org